Beidh ár gclub CLG Oileáin Árann ag cur isteach ar Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha arís i mbliana agus súil againn Bonn Óir a bhaint amach!
2020 - Bonn Cré-umha // 2022 - Bonn Airgid // 2023 - Bonn Óir 🤞🤞🤞
Is scéim í seo a dhíríonn ar chur chun cinn na Gaeilge i gclubanna CLG in Éirinn in onóir d’iar Uachtarán CLG Seosamh Mac Donncha.
Ár míle buíochas le Glór na nGael as an deis maoinithe seo a chur ar fáil dúinn.
Cabhraigí linn an scéal a scaipeadh ar na meáin & cuimhnigí, beatha teanga í labhairt.