Bhí an-lá ag na foirne faoi aois ar Pháirc Inis Meáin inné!
Eagraíodh blitz peile le foirne faoi 8 agus faoi 12 ó chumann Eanach Dhúin.
Míle buíochas le Comhlacht Forbartha Inis Meáin agus Coiste Spóirt Inis Meáin as an mbia blasta a bhí le fáil ar an bpáirc.
Tá muid an-bhuíoch freisin as an seoladh speisialta a chuir Aran Island Ferries ar fáil le páistí Inis Oírr & Inis Mór a thabhairt chuig Inis Meáin agus an turas abhaile le Doolin Ferry Co.
Is cuid lárnach den chlub iad na foirne faoi aois agus tá fáilte i gcónaí roimh bhaill nua.