CLG Oileáin Árann

Founded 1884

Galway

Fógra Tábhachtach d'Imreoirí Foireann Peil na mBan 2023

Download our mobile app to hear more about CLG Oileáin Árann.

See More

Má theastaíonn uait imirt ar fhoireann peil na mBan i 2023, muna bhfuil sé déanta cheana fhéin agat, cláraigh anois ar ClubZap, mar imreoir fásta (LGFA).

Fáiltíonn CLG Oileáin Árann roimh imreoirí nua i gcónaí ach chun traenáil agus imirt ar fhoireann na mban caithfear a bheith cláraithe leis an LGFA. D’imreoirí reatha foireann na mban, beidh ballraíocht na bliana seo caite ag rith amach ag deireadh na míosa seo. Beidh ar an gClub gach imreoir a chlárú leis an LGFA agus na táillí bainteach a íoc roimh an 31 Márta 2023 agus ní mór don Chlub é seo a dhéanamh coicís roimh dheireadh na míosa ionas go mbeidh gach imreoir cláraithe in am.

Faraor muna bhfuil imreoirí cláraithe leis an LGFA:

(a) ní bheidh cead acu cluichí a imirt le foireann na mban

(b) ní bheidh siad clúdaithe faoi árachas an Chlub ná faoi Chiste gortaithe an LGFA ag seisiúin traenála.

Buíochas le gach duine atá ballraíocht tógtha amach acu cheana féin.

Má tá aon cheist agat nó má theastaíonn aon chabhair le clárú seol rphost chuig: oileainnarann.galway@lgfa.ie

For any new or existing players, if you want to participate in training sessions and be eligible to play with the ladies team in 2023 this is a reminder that you need to register as an LGFA player on ClubZap ASAP. Last year’s membership is running out on 31st March 2023 and the Club will need to register all players and pay all fees with the LGFA at least 2 weeks prior to this date, in order for all players to be registered before this deadline. If you are not registered as a player with the LGFA, you will not be eligible to play matches and you will not be covered by the Club’s insurance or the LGFA injury fund at training sessions.

Thank you to all of you who have already registered on Clubzap (you will get an email off Foireann in the coming weeks if you have already registered). If you know of any new players who want to join the team, if you have any queries or if you are unsure of your registration status please email oileainnarann.galway@lgfa.ie