A chairde,
Tá an t-uafás bainte amach ag CLG Oileáin Árann ó bunaíodh é i 1996. Tugann an Cumann Peile pobail & óige na 3 oileán le chéile ar bhealach nach dtarlaíonn lasmuigh de seo.
Mar a sheasann rudaí níl todhchaí an chlub cinnte nó slán.
De bharr sin tá an club ag rith cruinniú fíor-thábhachtach do imreoirí, tuismitheoirí, eagraíochtaí pobalbhunaithe & don phobal go ginearálta ón 3 oileán in Inis Mór ar 25ú Feabhra.
Ba mhaith linn na gnéithe thíos a phléigh:
1. Ról an chlub i measc an phobail.
2. Todhchaí an chlub.
3. Aidhmeanna agus spriocanna an chlub.
Teastaíonn *ionchur chuile duine * sna pobail uainn dó seo. Tá Paul Kilgannon chun an cruinniú a stiúriú agus beidh cáipéis a chuir le chéile bunaithe ar bhur dtuaraimí. Beidh an cáipéis seo mar bhunchloch do thodhachaí & treoir an chlub amach anseo.
Ag braith ar éileamh, beidh bád ag fágáil Inis meáin ag 1115 & Inis Oírr ag 1130 chun daoine a thabhairt go Inis Mór don chruinniú. Filleadh an bád thart ar 330/4in
Beidh oíche shóisialta ar siúl in óstán Inis Mór an oíche sin freisin d’aon duine gur mhaith leo freastal ar.