A chairde,
Ní féidir linn a dhóthain béime a chuir ar an seimineár cóitseála a bheidh ar siúl ar an 3 Nollaig. Beidh sé ar siúl sa Galway Bay hotel idir 1030rn - 1in.
Tá todhchaí na peile do pháistí faoi aois, agus go deimhin peil do dhaoine fásta ar na hoileáin ag brath ar an obair a bheidh déanta as seo go ceann bliain nó dhó. Caithfear síol a chur anois le go mbeidh sláinte ar rudaí amach anseo. Tá an seisiún seo fíor thábhachtach ón taobh seo de.
Más imreoir fásta, cóitseálaí nó tuismitheoir tú ar mhaith leo go mbeadh deis ag do pháiste & páistí uile na hoileáin spraoi a bheith acu lena gcuid cairde, & spraoi leis an gcumann amach anseo, impíonn muid oraibh freastal ar an ócáid seo. Tá go leor sásamh pearsanta agus taitneamh le baint as cabhrú le cumann áitiúil agus níl muid ag súil le huaireanta fada ó aon dhuine ar leith. Níl aon chabhair nó lámh chúnta ró-bheag.
Mar eolas, ní féidir an seisiún seo a reachtáil tríd zoom, teastaíonn daoine a bheith i láthair ar an lá.
Tá an cumann chun lón a chur ar fáil ar dóibh siúd atá ag freastal ar an seisiún seo. Mar sin, an féidir libh téacs a sheoladh chuig Cillian Ó Conghaile ag 0876405607 láithreach má cheapann sibh go bhfuil aon seans go mbeidh sibh i láthair.