Tá deireadh tagtha le séasúr foirne peile Oileáin Árann i mbliana.
D’éirigh leis an bhfoireann idirmheánach cluiche leathcheannais na sraithe agus na craoibhe a bhaint amach. D’imir siad go crua ar feadh an t-séasúir agus bhí an-bhliain acu. Beidh lá eile i Staid an Phiarsaigh.
D’imir foireann peile na mban i gcluiche ceannais na sraithe agus i gcluiche leath cheannais na craoibhe. Cé nár éirigh leo sa gcluiche ceannais d’imir siad go díograsach sa ndroch aimsir.
Bhí an-bhliain freisin ag an bhfoireann sóisear a d’imir sa gcluiche leath cheannais.
Tá muid fíor bhrodúil i mbliana tar éis do CLG Oileáin Árann foireann peile faoi 12 a chur chun páirce don chéad uair le ós cionn dhá bhliain déag!
Go raibh míle maith agaibh as ucht na tacaíochta ag ár gcluichí baile agus ar an mórthír. Tá go leor taisteal i gceist do na foirne agus is iontach an rud an lucht tacaíochta a bheith linn.
Buíochas ó chroí leis an bhfoireann bhainistíochta, roghnóirí agus chuile dhuine a thacaíonn leis an gcumann.