CLG Oileáin Árann

Founded 1884

Galway

Fógra do Bhaill & Lucht Tacaíochta an Chumainn

Download our mobile app to hear more about CLG Oileáin Árann.

See More

A chairde,

Tá fir Idirmhéanach CLG Oileáin Árann ag imirt a gcluiche craoibhe leath cheannais i Stáid an Phiarsaigh ag a 3in ar an Satharn 8 Deireadh Fómhair.

Bheadh imreoirí agus oifigigh an chumainn fíor bhuíoch do aon duine a bheadh in ann a bheith i láthair chun tacú linn, go h-áirithe páistí na h-oileáin.

Ag braith ar éileamh, tá an cumann ag iarraidh deis a thabhairt d'ár lucht tacaíochta bualadh le chéile in Óstán Bhóthar na Trá ag thart ar 1230in ar lá an chluiche. Bheadh bia ar fáil ansin ar chostas réasúnta.

Freisin, beidh caipiní, 'beanie hats' agus bratacha ar díol ansin ar an lá. (Iarrtar oraibh gan teagmháil a dhéanamh le aon imreoirí/oifigigh chun na h-earraí seo a ordú-tabhairfear tús áite dóibh siúd atá i láthair don chluiche)

Má tá suim agat bia a bheith agat san óstán, iarrthar ort d'ainm a sheoladh ar theachtaireacht chuig 0830650641 láithreach (roimh 2in De Satharn 1 DF). Luaigh sa teachtaireacht cé mhéid daoine fásta/páistí a bheadh i gceist. Míle buíochas, ÁRAINN ABÚ!