Buíochas ó chroí le chuile dhuine a thug tacaíocht dúinn do oíche shóisialta an chumainn.
Bailíodh ós cionn €8,000! Tá muid fíor bhuíoch do chuile dhuine a d’oibrigh go crua ag réiteach le haghaidh na hócáide.
Buíochas le hÓstán Inis Mór agus leis an dream a mhásaigh an áit go h-álainn.
Thug comhlachtaí áitiúla as trí Oileáin Árann agus ón mórthír duaiseanna iontacha agus dhéan roinnt mhaith urraíocht ar bhoird ar an oíche freisin.
Fair plé Arthur agus Treasa a bhí mar fhear agus mar bhean an tí.
Bhí tallann den scoth ar stáitse ar an oíche!
Feicfidh muid sibh an chéad bhliain eile!
Tá muid fíor-bhródúil agus foireann faoi 12 curtha chun páirce ag CLG Oileáin Árann i mbliana don chéad uair le ós cionn dhá bhliain déag!
Fair plé do na buachaillí agus cailíní ar fad a d’imir. Bhí sibh iontach!
An-lá don chumann peile!
Comhghairdeachas le himreoirí na bliana 2021!
Peil na mBan: Gráinne Ní Chonghaile agus Orla Ní Fhlaithearta
Peil na bhFear: Sóisear: Tomás Feeney Idirmheánach: Cillian Ó Conghaile