CLG Oileáin Árann

Founded 1884

Galway

Nuacht CLG Oileáin Árann

Download our mobile app to hear more about CLG Oileáin Árann.

See More

Campa Cásca 11 - 13 Aibreán:

Tá Campa Cásca CLG Oileáin Árann á reachtáil ar an trí oileán an tseachtain seo.

Imeachtaí peile, spóirt agus spraoi do ghasúir an chumainn.

Míle buíochas leis na traenálaithe as an gcampa a eagrú.


Foirne Peile:

Bhí an-chluiche ag an bhfoireann idirmheánach in Inis Oírr ag an deireadh seachtaine. Bhí an bua acu in aghaidh Maigh Cuilinn.

Cuireadh tús le séasúr na foirne sóisearaí Dé Domhnaigh 10 Aibreán. Níor éirigh leo an lá sin in aghaidh Naomh Pádraig, An Fháirce.

Ní raibh cluiche ag foireann peile na mban an tseachtain seo. Beidh siad ag imirt in aghaidh Eanach Dhúin in Inis Mór Dé Sathairn 23 Aibreán.


Oíche Shóisialta:

23 Aibreán 📍Óstán Inis Mór

Is féidir ticéid €50 a cheannach don oíche shóisialta ar ClubZap. Tá nasc le fáil i siopa an chumainn.

Tá costas €40 ar thicéad do dhaoine atá mar bhall den chlub. Chun ticéad €40 a cheannach déan teagmháil le:

Inis Mór: Conal Ó hIarnáin

Inis Meáin: Adrian Ó Coincheanainn

Inis Oírr: Lucy Martin