Ba mhaith le Cumann Peile Oileáin Árann Fir agus Mná cuireadh a thabhairt do mhuintir Árainn chuig seó tallainne a bheith ar siúl in Óstán Inis Mór ar 23 Aibreán 2022. Fógrófar iad siúd a bheidh mar pháirt den seó go luath - coinnigh siúl ar fhógraí áitiúla agus leathanach Facebook CLG Oileáin Árann.
Tá costas €40 ar thicéad do dhaoine atá mar bhall den chlub agus €50 do dhaoine nach bhfuil mar bhaill den chlub. Cuirfear béile 3 chúrsa ar fáil. Bronnfar gradaim éagsúla ar an oíche do na fir agus mná a d'imir an séasúr seo caite.
Tá costas mór ag titim ar an gcumann peile le blianta beaga anuas ó thaobh árachas, riarchán, clárú, srl. Tá ardú ag teacht ar na costais seo chuile bhliain. Bheimis fíorbhuíoch as an tacaíocht ar féidir libh a thabhairt don chumainn.
Má tá suim agat a bheith mar pháirt don seó labhair linn!
Bealaí chun tacú le Cumann Peile Oileáin Árann Fir agus Mná
- Freastal ar an seó tallainne - €40 an ticéad do dhaoine atá mar bhaill den chlub, €50 dóibh siúd nach bhfuil.
- Clárú mar bhall den chumann peile - costas €35 ar feadh bliana do bhallraíocht shóisialta.
- Gnóthaí: Is féidir urraíocht a dhéanamh ar bhord ar an oíche ar chostas €50 an bord, nó má tá urraíocht a dhéanamh ar bhord ar an oíche agus ar an Lató cheana féin, beidh costas €40.
- Is féidir urraíocht a dhéanamh ar bhord ar an oíche agus ar an Lató seachtainiúil i rith an séasúr seo, ar chostas €100.
- Gnóthaí: Is féidir duaiseanna a chur ar fáil do raifil ar an oíche.
Chun ticéad a chur in áirithe, ballraíocht a cheannach nó urraíocht a chur ar fáil, déan teagmháil le himreoir nó duine acu seo thíos, roimh Dé Céadaoin 20 Aibreán 2022:
Inis Mór: Conal Ó hIarnáin 087-284-7388
Inis Meáin: Adrian Ó Coincheanainn 087-285-7798
Inis Oírr: Lucy Martin 087-272-9113
Táthar fíorbhuíoch as ucht bhur dtacaíocht leanúnach.