Tá áthas ar CLG Oileáin Árann a fhógairt go mbeidh Campa Cásca 3 lá do ghasúir bunscoile ar siúl ar an 3 oileán ó 11-13 Aibreán 2022.
Níl leagan amach an champa deimhnithe go h-iomlán go fóill, ach beifear ag déanamh iarracht gasúir an 3 oileáin a thabhairt le chéile chomh mór agus is féidir. Mar shampla, seans go mbeidh páistí Inis Oírr ag taisteal chuig Inis Meáin don champa lá amháin & gasúir Inis Meáin go hInis Oírr lá amháin. Déanfar chuile iarracht na páistí uile ón 3 oileán a thabhairt le chéile ar cheann de na h-oileáin ar an 3ú lá den champa. Ag braith ar an aimsir ar ndóigh!
Beidh feisteas le luach de €25-€30 de chuid an chumainn dhá bhronnadh ar chuile pháiste a chláraíonn don champa. Muna féidir le do pháiste freastal ar an gcampa is féidir an feisteas a cheannach ach táille an champa a íoc. Beidh na cóitsealaithe uile ag obair saor in aisce.
Costas an champa: €30 an páiste
Páistí a bhfuil a dtuismitheoirí ina mbaill sóisialta NÓ ina n-imreoirí fadtéarmach ar an Lotto: €25 an páiste
Páistí a bhfuil a dtusimitheoirí ina mbaill sóisialta AGUS ina n-imreoirí fadtéarmach ar an Lotto: €20 an páiste
Más tuismitheoir tú atá mar bhall sóisialta den chlub, agus/nó más imreoir fadtéarmach de Lotto an chlub tú, beidh tú i dteideal lascaine don champa. Seol téacs le d'ainm chuig Eoghan Póil ag 087-7929297, má tá tú i dteideal lascaine agus seolfar nasc chugat le clárú. Ná cláraigh tríd an nasc atá ar Clubzap.
Muna bhfuil tú i do bhall sóisialta nó i do imreoir Lotto fadtéarmach, is féidir leat clárú tríd an Aip Clubzap. Íoslódáil an aip agus roghnaigh Clubhouse. Roghnaigh Club Shop agus feicfidh tú an campa ar an leathnach sin.
Míle buíochas
CLG Oileáin Árann is delighted to announce that we plan to run a 3 day Easter Camp for primary school children on the 3 islands from 11-13 April 2022.
The layout of the camp is not set in stone yet, but we will be trying to bring children from the 3 islands together as much as possible. For example, children from Inis Oírr may travel to Inis Meáin on one of the days, and children from Inis Meáin might travel to Inis Oírr another day. We will make every effort to bring children from the 3 islands together on one of the islands on day 3 of the camp. All weather dependent of course!
All children who register will be presented with club gear with a value of €25-€30. If your child is unable to attend the camp they can still purchase the club gear by paying the camp fee. All coaches will be working voluntarily.
Camp Cost: €30 per child
Children whose parents are club social members OR long-term club Lotto subscribers: €25 per child
Children whose parents are club social members AND long-term club Lotto subscribers: €20 per child
If you as a parent are a social member of the club, and/or a long-term Lotto subscriber, you will be entitled to a discount for the camp. Send a message with your name to Eoghan Póil at 087-7929297 if you are entitled to a discount and you will be sent a registration link. Do not register through the public link on Clubzap.
If you as a parent are not a club social member or long-term lotto subscriber, you can register your child through Clubzap. Download the app and select Clubhouse. Choose Club Shop and you will see the camp available to purchase on that page.
Thank you