CLG Oileáin Árann (Fir & Mná): Ballraíocht 2022
Míle buíochas le chuile dhuine a thugann tacaíocht don Chlub trí bhallraíocht leis an gClub a cheannach. Is foinse maoinithe ríthábhachtach iad táillí ballraíochta do CLG Oileáin Árann, agus cabhraíonn siad go mór le costais a chlúdach: costais clárúcháin imreoirí, árachas, trealamh srl. do na foirne ar fad idir Fir, Mná agus Imreoirí faoi Aois. Níl aon ardú tagtha ar tháillí bhallraíochta do 2022.
Seo a leanas na táillí don bhliain seo:
1. Uasráta Costas Ballraíochta de réir an Teaghlaigh: €60
Tabhair faoi deara, is cuma cén meascán ballraíochta a cheannaíonn tú, is €60 an uasráta in aghaidh an teaghlaigh. Mar shampla má cheannaíonn tú Ballraíocht Imreoir Fásta amháin (€60) agus Ballraíocht Sóisialta amháin (€35) beidh tú ag fáil lascaine €35, mar go bhfuil an ráta teaghlaigh srianta ag €60, agus an rogha ann suas le 6 imreoir faoi aois a chuir leis seo, gan aon chostas breise i gceist. Tabhair faoi deara, níl an ráta teaghlaigh seo ar fáil d’imreoirí fásta laistigh den gclann céanna mar shampla, dhá siblín gur imreoirí fásta iad, caithfidh siad €60 an duine a íoc (ní hionainn sin agus imreoirí gur tuismitheoirí / caomhnóirí na himreoirí faoi aois iad).
Freisin, tá sé tábhachtach na baill ar a fad a bheas mar chuid den bhallraíocht teaghlaigh a chlárú agus a cheannach in aon idirbheart/íocaíocht amháin ag an am céanna – ní ligeann an córas duit cur le teaghlach atá cláraithe cheana féin, dá bhrí sin, cláraigh gach ball sa teaghlach le chéile.
2. Imreoir Fásta: €60
Caithfidh gach imreoir fásta a theastaíonn uathu imirt le foireann na mban (LGFA) nó na bhfear (CLG) Ballraíocht Imreoir Fásta a cheannach.
3. Ball Sóisialta: €35
Má theastaíonn uait a bheith mar bhall den chlub do 2022 caithfidh tú Ballraíocht Sóisialta a cheannach. Ceadaíonn Ballraíocht Sóisialta cearta vótála don ball, agus beidh an deis agat tairbhe a bhaint as rátaí speisialta ar earraí an Chlub le linn na bliana.
4. Imreoir Faoi Aois: €0
Rinneadh cinneadh ag CCB an Chlub a bhí ar siúl le gairid, leanacht leis an bpolasaí gan aon costas a bhaint amach ar imreoirí Faoi 18 i leith táillí ballraíochta. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don líon mór tuismitheoirí / caomhnóirí a roghnaíonn tacaíocht a thabhairt tríd an lató seachtainiúil nó trí ballraíocht a cheannach d’imreoirí fásta sa gclann freisin. Ná bíodh aon amhras oraibh ach go bhfuil na ranníocaíochtaí seo fíorthábhachtach don Chlub agus go gcabhraíonn siad go mór cúiteamh a dhéanamh ar chostais, go háirithe agus sinn i mbun athbheochan a dhéanamh ar peil faoi aois sa Chlub. Is mór againn bhur dtacaíocht leanúnach.
Treoracha le Ballraíocht a cheannacht:
-Íoslódáil an Aip: Clubzap tríd an Apple Store nó an Google Play Store ar do fón
-Pioc CLG Oileáin Árann mar do chlub agus cláraigh do chuid sonraí ansin
-Roghnaigh an rogha ballraíochta tríd an aip
-Pioc an rogha ballraíochta cuí a bhaineann leat