Bronnadh Bonn Óir Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar CLG Oileáin Árann i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine.
Tá an t-uafás oibre déanta ag Oifigeach Gaeilge an chumainn Alanagh Ní Chonghaile Ní Ghríofa le cúpla bliain leis an mBonn Óir a bhaint amach.
Tá réimse imeachtaí eagraithe aici i gcomhar leis na coistí pleanála teanga áitiúla d’imreoirí óga CLG Oileáin Árann.