CLG Oileáin Árann

Founded 1884

Galway

Séasúr 2023

Download our mobile app to hear more about CLG Oileáin Árann.

See More

Tá deireadh tagtha le séasúr foirne peile Oileáin Árann i mbliana.

D’éirigh leis an bhfoireann idirmheánach cluiche leathcheannais na craoibhe a bhaint amach. D’imir siad go crua ar feadh an t-séasúir. Beidh lá eile i Staid an Phiarsaigh!

D’imir foireann peile na mban i gcluiche leathcheannais na sraithe i mbliana. Ghlac siad páirt i gComórtas Peile na nOileán i mí Bealtaine agus d’éirigh le mná Inis Mór an cluiche ceannais a bhaint amach.

Tá muid fíor bhrodúil as na himreoirí faoi aois ar fad a bhí páirteach sa gcumann i mbliana. Thaisteal siad chuig an mórthír agus an trí oileáin d’imeachtaí agus cluichí éagsúla 👏👏

Go raibh míle maith agaibh as ucht na tacaíochta ag ár gcluichí baile agus ar an mórthír. Tá go leor taisteal i gceist do na foirne agus is iontach an rud an lucht tacaíochta a bheith linn.

Buíochas ó chroí leis an bhfoireann bhainistíochta, roghnóirí agus chuile dhuine a thacaíonn leis an gcumann.